Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.
(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”
(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.
Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.
Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.
Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.
Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna: Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile agus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.” Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní agus an t‑aos caointe chun olagóin,
Nach dá bhrí seo a chritheann an talamh agus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann? Tá sí ag borradh ar nós na Níle agus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?
Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.
Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch; scriosfaidh mé éanlaith an aeir agus éisc na farraige (agus gach ábhar scannail agus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc) agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúil de dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.
Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”