Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.
Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr, coinníonn sise a mailís úr. Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti; i mo fhianaise i gcónaí bíonn galair agus cneácha.
Shaothraigh sibh an t‑olc; ba í an chlaidhreacht bhur bhfómhar, agus d'ith sibh toradh an éithigh. Ó tá muinín agat as do chumhacht féin agus as oll-líon do laochra,
Focail ar mhuin focal! mionnaí éithigh! conarthaí! agus is cuma riaradh an chirt acu nó an luifearnach nimhe a bhíonn ag borradh i gclaiseanna na ngort!
Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.
Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael, a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart, a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht,
Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.
Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse.
chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.
Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,
ón mbuíon chéanna a d'imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna,