Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 4:18

An Bíobla Naofa 1981

Síneann siad fúthu le hais pótairí. Níl teorainn lena gcuid striapachais, ach andúil dhoshásaithe acu sa drabhlás dínáireach.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”

Tá Dia ina rí ar na náisiúin; tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa.

Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n‑ionraic.

Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal, ceap fírinneach tríd agus tríd. Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin, a fhíniúin thruaillithe?

“Ach d'éirigh tú teann as clú d'áilleachta; bhain tú feidhm as do chlú le haghaidh striapachais agus dhoirt tú do dhrúis amach ar chách a chuaigh an bealach.

Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu; déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon, mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean,

ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású, agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír, agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.

Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.

Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.

De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”

Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.

Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.

Ach níor lean a chlann mhac ina choiscéimeanna; ghabhadar an cosán claon chun airgid; ghlacaidís breabanna, agus thugaidís claonbhreith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí