Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,
Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin” agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa; agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
D'fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt: “Féach, tá arbhar agus úrfhíon agus ola nua á gcur chugaibh agam agus beidh bhur ndóthain díobh agaibh agus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbh arís go deo os comhair na náisiún.
Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”
“Beidh rath agus bláth ar a síol; tabharfaidh an fhíniúin a caora agus an talamh a thorthaí; fearfaidh na spéartha a ndrúcht, agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo i seilbh na maitheasaí seo go léir.
Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.
Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.
Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?