Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat, tá Dia ag glaoch ar ais ort. Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige? a deir do Dhia.
Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”
Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.
Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).
“Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.
An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
Is é an dála céanna agaibhse é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.
Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.