Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 2:18

An Bíobla Naofa 1981

An lá sin - an Tiarna a labhraíonn - is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm; choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Déanfaidh tú gáire [faoin tiormach agus faoin sioc], Agus ní bheidh eagla ort roimh ainmhithe allta.

Beidh conradh agat le clocha an ghoirt, Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin.

A ainmhithe allta agus clóis, a phéisteanna agus a éanlaith an aeir!

Cuireann sé féin i mo luí mé i móinéar féir ghlais. Seolann sé ar imeall an uisce mé

Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.

Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.

Ísleofar an t‑uabhar daonna, tabharfar béim síos do dhíomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,

Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.

An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá: “Tá baile daingean againn; leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.

Lonnóidh mo phobal in áitreabh síochána, i dtithe iontaofa, in ionaid chónaithe shócúlacha,

Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.

Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.

Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.

Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.

Sábháilfear Iúdá sna laethanta sin agus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas. Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair: An Tiarna Ár bhFíréantacht.’

Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.

“A mhic an duine, tairngir in éadan Ghóg. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.

Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.

Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.

Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin;

An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.’ ”

Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim agus an capall catha as Iarúsailéim; agus brisfear an bogha cogaidh. Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin, agus beidh sé i réim ó mhuir go muir agus ón Abhainn go himill na cruinne.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí