Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 2:17

An Bíobla Naofa 1981

Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici, agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór. Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige, nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhia tiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu. Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chor ná ní chluinfear a n‑ainmneacha go brách ar mo bheola.

Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: “Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.

Tabhair aird ar a bhfuil ráite agam leat, agus ná haithris ainmneacha déithe eile agus nach mó a chluintear as do bhéal iad.

(Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)

“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.

“Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.

ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu.

Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí