“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
“Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.
Óir rinne a máthair striapachas; an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin. “Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise, “a thugann dom m'arán agus m'uisce, m'olann agus mo líon, m'ola agus mo chuid dí.”
An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.
Ansin dúirt sí: “Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.”