Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 2:15

An Bíobla Naofa 1981

Cúiteoidh mé léi na féilte, ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád, chun dul ar thóir a leannán, agus mise dearmadta aici ar fad! - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.

Ansin is ea a chreid siad a bhriathra; gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.

Amhrán Oilithreach. 1 Is minic a crádh mé ó m'óige; abradh Iosrael anois:

Beidh Seárón ina réimse ag tréada caorach agus Gleann Áchór ina fhéarach eallaigh, agus iad i seilbh mo mhuintire a lorgann mé.

Tógfaidh siad tithe agus déanfaidh siad cónaí iontu; cuirfidh siad fíniúin agus íosfaidh siad a toradh.

Tháinig briathar an Tiarna chugam:

“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.

Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh - an Tiarna a labhraíonn - smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.

Ar an uair sin féin nach raibh tú ag éamh orm: ‘rí athair liom, ó a chara m'óige!

Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ceannóidh daoine garraithe agus fíniúna arís sa tír seo.’

Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne, mar is é fáth mo dhóchais é:

Le linn d'imeachtaí gránna agus do striapachais níor chuimhin leat laethanta d'óige nuair a bhí tú lom tarnocht i do chróluí féin.

ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.

Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a bhaileoidh mé muintir Iosrael as na ciníocha ina bhfuil siad scaipthe, is mar seo a thaispeánfaidh mé mo naofacht ina measc os comhar na gciníocha. Cuirfidh siad fúthu ina dtír féin, an tír a thug mé do Iacób, mo sheirbhíseach.

Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.”

Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó, agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.

Theith Iacób go dtí críocha Arám; bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin, agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach.

“Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim, “d'éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam, agus d'ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam, a bhféadfaí coir a thabhairt air.”

Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.

Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán, agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.

Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.

Filligí ar an daingean, a chimí an dóchais, an lá inniu féin dearbhaím go ndéanfaidh mé cúiteamh libh faoi dhó.

Ansin is ea a chan Iosrael an laoi: “Sceith, a thobar! Canaigí dó!

Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.

Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d'eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d'oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh.

Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.

Níor chuimhin le hIosrael a thuilleadh an Tiarna a nDia a d'fhuascail iad óna naimhde go léir ina dtimpeall.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí