Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 14:1

An Bíobla Naofa 1981

Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

“Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”

Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.

Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.

“Más mian leat filleadh, a Iosrael, - is é an Tiarna a labhraíonn - Is ormsa nár mhór duit filleadh. Cuir deireadh le do ghráiniúlacht agus ní bheidh aon chall agat mé a sheachaint.

Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.

Is í an tSamáir do dheirfiúr shinsir a chónaigh lena clann iníonacha ó thuaidh uait, agus is í Sodom do dheirfiúr óg, ise a chónaigh lena clann iníonacha ó dheas.

Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’

Má deirim, áfach, le peacach: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’; agus go n‑iompaíonn sé óna pheaca, agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir;

Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin; bainigí fómhar an bhuanghrá; brisigí bhur bhfearann branair, óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.

(Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)

Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán; is breá léi éagóir a dhéanamh.

Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael! Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?

Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad, agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.

Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne; bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráim agus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.

“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.

Mar a fheictear domsa é, Tuír eile is ea Eafráim atá curtha in áit ghlas fhéarmhar ach beidh uirthi a clann a ligean uaithi le marfóir.

Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí