Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.
Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.
Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.
Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha.
Óir amhail leon a bheidh mise d'Eafráim, agus mar liopard do theaghlach Iúdá. Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n‑imeoidh mé; ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.