Hóisé 13:2An Bíobla Naofa 1981Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna! Féach an chaibidil |
Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.