Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom; cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle. Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir, agus dá dheasca sin scriosfar iad.
Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.”
Ach dúirt Samúéil le Sól: “Ní fhillfidh mé leat, mar gur thug tú droim le briathar an Tiarna; thug an Tiarna droim leatsa chomh maith mar rí ar Iosrael.”
Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”