Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 12:5

An Bíobla Naofa 1981

(Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.) Ghoil sé agus d'agair sé trócaire air. Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ansin dhúisigh Iacób as a chodladh agus dúirt: “Tá an Tiarna san áit seo, tá sin, agus ní raibh a fhios agam é.”

Thug Iacób dá bhrí sin Panúéil ar an áit, “mar,” ar sé, “chonaic mé Dia gnúis le gnúis agus mairim beo.”

Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é.

Maireann d'ainm de shíor, a Thiarna, agus do chuimhne ó ghlúin go chéile.

Thug tú m'anam as an uaigh, a Thiarna, shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.

Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m'ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m'ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. ”

Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m'onóir leis na híola.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí