Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh, déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein! Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis, pheacaíomar i d'aghaidhse!
Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.
Ón lá a tháinig bhur n‑aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe.
Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).
Téann siad i muinín [rud gan mhaith]; is cuma nó bogha scaoilte iad. Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha mar gheall ar shotal a gcuid cainte; agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.