Mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad, agus ciníocha in éiric d'anama.
“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.
“Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim, “d'éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam, agus d'ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam, a bhféadfaí coir a thabhairt air.”
Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.
Cúiteoidh mé léi na féilte, ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád, chun dul ar thóir a leannán, agus mise dearmadta aici ar fad! - an Tiarna a labhraíonn.
“Tá grá agam daoibh,” a deir an Tiarna; ach deir sibhse: “Conas a ghráíonn tú sinn?” “Nach é Éasau deartháir Iacóib?” a deir an Tiarna. “Mar sin féin, tá grá agam do Iacób;
“Níor thug an Tiarna grá daoibh, ná níor thogh sé sibh de bhrí gur líonmhaire sibh ná pobal ar bith eile, óir ba sibh an pobal ba shuaraí de na pobail go léir.