Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
Tiocfaidh mé i gcoinne na gcladhairí chun iad a smachtú. Cruinneoidh mé na náisiúin ina n‑aghaidh chun cimí a dhéanamh díobh in éiric an dá choir a rinne siad.
Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”
Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.
D'éirigh fir Ghibeá i mo choinne; thimpeallaíodar an teach ina raibh mé san oíche; bhí fonn mo mharaithe orthu, agus d'éigníodar mo bhean luí agus fuair sí bás.