Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: “Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: ‘An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?’
Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá).
Ach rug rí na hAsaíre ar Hóiséa ag déanamh fill air; bhí teachtairí curtha aige go dtí Só, rí na hÉigipte, gan an cháin a thabhairt do rí na hAsaíre mar a rinne na blianta roimhe sin. Uime sin ghabh rí na hAsaíre é agus chuir faoi chuibhreach i gcarcair é.
Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”