Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 10:5

An Bíobla Naofa 1981

Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán.

Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.

Chuir sé chun siúil na sagairt bhréige a cheap ríthe Iúdá agus a bhíodh ag ofráil íobairtí ar na hardionaid i mbailte Iúdá, agus i gcomharsanacht Iarúsailéim; agus chomh maith leo, iad siúd a bhíodh ag dó túise do Bhál, don ghrian, don ghealach, do na plainéid agus do shluaite uile na spéire.

agus cheap sé a shagairt féin do na hardionaid, do na bocánaigh, agus do na laonna a rinne sé.

Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.

Cúbann siad agus cromann siad uile; gan ar a n‑acmhainn a lucht iompair féin a shábháil, ag imeacht mar aon leo i mbraighdeanas iad féin.

Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna!

Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael! Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan, ná mionnaigí dar an Tiarna beo.

Séidigí an stoc i nGibeá, an buabhall i Rámá! Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan. Músclaígí Biniáimin!

Ná déan gairdeachas, a Iosrael, le teann lúcháire ar nós na náisiún! Óir chuaigh tú le striapachas ó do Dhia, agus ar gach urlár buailte arbhair is i dtuarastal striapachais a bhí do dhúil.

Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan, agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.

An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta, smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith: gearrfar adharca na haltóra anuas agus titfidh siad ar lár.

Agus sínfidh mé amach mo lámh in aghaidh Iúdá agus áitritheoirí uile Iarúsailéim, agus scuabfaidh mé chun siúil gach rian de Bhál as an áit seo, mar aon le hainmneacha a sheirbhíseach agus a shagart

Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Airtimis agus go gcaillfidh Airtimis féin a gradam - bandia a bhfuil urraim á tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.”

Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.

D'fhreagair sé: “Thóg sibh libh an dia a rinne mé dom féin, agus thóg sibh an sagart chomh maith. Tá sibhse ag imeacht libh, agus cad atá fágtha agamsa? Cén chaoi a bhféadfadh sibh ceist a chur: ‘Cad tá ort?’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí