Budóg dhea-riata ba ea Eafráim, ar bhreá léi bheith ag bualadh arbhair; mise a chuir cuing ar a muineál álainn. Is ea, ghléas mé Eafráim chun treafa, agus Iacób chun fuirste.
Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.’ ”
Déanaigí lúcháir, más áil libh! Beirigí bhur gcaithréim, a chreachadóirí m'oidhreachta! Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach! Déanaigí seitreach ar nós staile!
Bhínn á dtarraingt chugam féin le srianta daonna, le téada grá chun iad a mhuirniú, mar a dhéanfadh duine a d'ardódh naíonán chun a leicinn; agus chromainn síos chucu chun rud le hithe a thabhairt dóibh.
nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í, agus déanfaidh mé fásach di, agus beidh sí ina talamh tirim, agus maróidh mé í le tart.
“Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.”
Ná déan gairdeachas, a Iosrael, le teann lúcháire ar nós na náisiún! Óir chuaigh tú le striapachas ó do Dhia, agus ar gach urlár buailte arbhair is i dtuarastal striapachais a bhí do dhúil.
Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.
mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.