I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.
Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin, tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste. Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta; cúitíonn sé go hiomlán.”
D'fhreagair treibh Iósaef: “Ní leor dúinn na hardáin, ach tá carbaid iarainn ag na Canánaigh go léir atá ag cur fúthu sna machairí, acu siúd i mBéit Seán agus sna sráidbhailte máguaird, agus acu siúd i Machaire Izréil.”