Hóisé 1:2An Bíobla Naofa 1981Tosach na mbriathra a labhair an Tiarna trí Hóisé: Dúirt an Tiarna le Hóisé: “Imigh leat, gabh chugat striapach mná agus bíodh clann striapaí agat, mar níl teorainn leis an striapachas a dhéanann an tír ó d'iompaigh sí ón Tiarna.” Féach an chaibidil |
Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.