Óir is mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘I gceann tamaillín bainfidh mé croitheadh aon uair amháin eile as na spéartha agus as an domhan, as an bhfarraige agus as an talamh tirim.
Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha, go mbogfaidh an talamh as a áit, le barr buile Thiarna na Slua, sa lá a spréachfaidh a fhearg.
Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”
Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.