Hag 2:22An Bíobla Naofa 1981Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan. Féach an chaibidil |
“Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna, “fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.