Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hag 2:17

An Bíobla Naofa 1981

Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Ní raibh a fhios acu gur thuig Iósaef iad, mar bhí teanga labhartha eatarthu.

Nuair a d'oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála.

Ba é Iósaef a bhí i gceannas ar an tír agus is é a bhí ag díol le gach a dtáinig. Agus tháinig deartháireacha Iósaef agus shléachtadar síos go talamh dó.

tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith peaca do shearbhóntaí agus do phobail Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.

Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:

“Má bhíonn gorta sa tír, nó plá, nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaist, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail léigear ar gheata cathrach dá gcuid; má bhíonn fiabhras nó galar;

Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothú Agus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.

Íosfaidh tú toradh de shaothair féin; beidh tú go sona séanmhar.

Thug sé a bhfómhar don chruimh, agus toradh a saothair don lócaiste.

Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna, mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach, mar bheadh díle d'uiscí tréana ag cur thar bruach; agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.

Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh, lán uafáis agus scéine, ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa, féar bharr na dtithe agus na ngort á sheargadh ag an gaoth anoir.

Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.

Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairt dar a dheasláimh agus dar neart a ghualann: “Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneacht mar bhia do do naimhde. Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíona ar chaith tú do shaothar leis.

mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d'Iosrael, pailm agus giolcach in aon lá amháin.,

Shlog an rud náireach saothar ár n‑aithreacha ónár n‑óige anall, a dtréada agus a dtáinte, a mic agus a n‑iníonacha.

A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.

D'fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile, agus arán in easnamh in bhur mbailte; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

Táim tar éis triomach a ghlaoch anuas ar an talamh, ar na cnoic, ar an arbhar, ar an úrfhíon, ar an ola, ar thorthaí uile na talún, ar na daoine agus ar na beithígh agus ar a saothar go léir!”

Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”

Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.

Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann.

Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.

Pleancfaidh an Tiarna thú leis an eitinn, leis an bhfiabhras, le séideadh, le teas, le híota, le dubh, le snas liath, agus beidh siadsan sa tóir ort go híde.

Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí