Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hag 2:14

An Bíobla Naofa 1981

Mar fhreagra air sin dúirt Hagaí: “Is é an dála céanna ag an bpobal seo é agus is é an dála céanna ag an náisiún seo é i mo láthairse, a deir Tiarna na Slua, agus is é an dála céanna ag saothar uile a lámh é agus is neamhghlan freisin cibé ofrálacha a dhéanann siad anseo.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

Súile uaibhreacha agus croí díomasach, is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.

An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.

An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

Go brách arís ní dhoirtfidh siad fíon le hurraim don Tiarna, ná ní ofrálfaidh siad íobairtí dó. Ní bheidh acu ach mar a bheadh arán dobróin, agus an uile dhuine a íosfaidh é beidh sé neamhghlan. (Óir ní bheidh ach a gcothú féin amháin ina gcuid aráin; blúire de ní ofrálfar i dteach an Tiarna.)

Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.

déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí