In airde libh ar na cnoic! Beirigí adhmad libh ar ais! Atógaigí an Teampall! Bainfidh mé taitneamh as ansin agus taispeánfaidh mé mo ghlóir ann, a deir an Tiarna.
Sa bhliain ceithre chéad agus a hochtó tar éis do na hIosraelaigh teacht amach as an Éigipt, sa cheathrú bliain de réimeas Sholaimh ar Iosrael, i mí Zif, an dara mí is é sin, thosaigh sé ar Theampall an Tiarna a thógáil.
Dúirt an Tiarna leis: “D'eist mé le d'urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.
Dírigí bhur gcroí agus bhur n‑aigne ar an Tiarna bhur nDia a lorg. Éirígí agus tógaigí sanctóir an Tiarna bhur nDia i dtreo gur féidir libh áirc chonradh an Tiarna agus soithí naofa Dé, a bhreith isteach i dteach a thógfar d'ainm an Tiarna.”
Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.
Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort, giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile, chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra, agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.
Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit; beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá. Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m'altóir, cuirfear maise le maise mo Theampaill.
Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua!
Sáróidh glóir nua an Teampaill seo an chéadghlóir a bhí aige, a deir Tiarna na Slua, agus is san áit seo a dháilfidh mé oraibh an tsíocháin, a deir Tiarna na Slua.’ ”