A luaithe a léadh an chóip de litir Artaxarxaes i láthair Rachúm an rialtóir agus Shimseai an runaí agus a gcomhghleacaithe, bhrostaigh siad leo go dtí na Giúdaigh in Iarúsailéim, agus chuireadar d'iallach orthu le teann foréigin scor dá gcuid oibre.
Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá,
Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas: