Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Habacúc 3:8

An Bíobla Naofa 1981

An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna? An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh, go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill, nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

thóg tú d'áras os cionn na díleann. Bíonn na néalta agat mar charbad ag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.

Chonaic an mhuir agus theith sí; agus chas an Iordáin ar ais.

Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú? Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?

D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé, agus néal dubh dorcha faoina chosa.

Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh: faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeach ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.

Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha, ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras? Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.

Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé, déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.

Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal; clann Iacóib agus fós clann Iósaef. Selah

Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n‑aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.’ ”

Rinne Maois agus Árón mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. D'ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t‑uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d'uisce san abhainn.

Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.

Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.

Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thine agus a charbadra ar nós guairneán gaoithe, chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch, agus a aithis in aon bharr amháin lasrach.

Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.

Pasálann tú an mhuir le do chapaill trí bhorradh na n‑uiscí doimhne.

Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo:

Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar an abhainn mhór, an Eofrataes, agus chuaigh an t‑uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir.

Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.

Agus bhí sluaite neimhe á leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan.

D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí