Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Habacúc 3:16

An Bíobla Naofa 1981

Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche; Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos.

Dhúigh mo chraiceann orm Agus tá mo chnámha á loscadh ag fiabhras.

Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna.

Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.

Coróin a fir bean mhaith, ach is fochall ina chnámha bean gan náire.

Cuireann an croí socair anam san fheoil, ach creimeann an fhearg na cnámha.

Is uime sin atá mo chorróga ar bhall amháin creatha; fuair na freanga greim orm, mar bheadh freanga mná seolta; tá mé róbhuartha le cloisint, róscanraithe le feiceáil.

I dtaobh na bhfáithe: Tá mo chroí istigh ionam briste, creathnaíonn mo chnámha uile; is cosúil le fear meisce mé; is cosúil le fear a chloígh fíon mé mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa; tá an tír lán d'adhaltranaigh.

Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.

Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.

Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn - is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad.

Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha a rug greim daingean orthu go léir; leath sé líon do mo chosa agus thug orm casadh ar ais; d'fhág sé go tréigthe mé agus mé go dona tinn ó lá go lá.

Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis; tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á shníomh i m'ucht mar ba mhór ar fad m'easumhlaíocht; tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuigh agus tá an Bás i réim laistigh.

Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.

Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.

Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n‑anamacha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí