Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Habacúc 3:11

An Bíobla Naofa 1981

Fanann an ghrian agus an ghealach ina n‑áitreabh ó sholas do shaighead eitilte agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ní chluintear caint ná canúint ná briathar

Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! - chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!

Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.” Agus d'fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.

Rinne sé claíomh faobhrach de mo bhéal, chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe. Saighead líofa a rinne sé díom, agus leag sé thart mé ina bholgán saighead.

Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh, sleánna ag drithliú... sluaite gonta, na mílte marbh, coirp gan áireamh a bhaineann tuisle as cách!

Tógann tú do bhogha as a chumhdach: cuireann tú saigheada lena shreang. Selah Scoilteann tú an talamh le srutháin.

Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn. Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí; séidfidh an Tiarna Dia an stoc, agus réabfaidh sé leis ar aghaidh ar stoirmeacha an deiscirt.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí