Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Habacúc 2:6

An Bíobla Naofa 1981

Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Cá fhad a mhaífidh na héagráifigh, a Thiarna; cá fhad a mhaífidh siad a mbua?

Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air; tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh.

Óir dúirt sé: “Le neart mo láimhe a rinne mé é, agus le mo ghaois, mar is mé atá críonna: chuir mé críocha náisiún ar ceal, agus rinne mé slad ar a stór. Chaith mé a lucht cónaithe ar a mbéal faoi sa láib

An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”

Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.

Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.

Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”

Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.

Fágfaidh fíoch an Tiarna gan chónaí inti; déanfar fásach folamh di. Beidh uamhan ar an té a ghabhann thar an mBablóin; ligfidh sé fead iontais le méid na hanachaine.

Labhróidh na gaiscígh mhóra i Seól agus a lucht cúnta léi: ‘[Tar] anuas agus [luigh] leis an dream gan timpeallghearradh, a thit leis an gclaíomh.’

An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: “Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.”

Beireann an pobal seo ar chách le duán; tarraingíonn siad isteach iad lena líon; cruinníonn siad le chéile iad lena saighean; ansin bíonn áthas agus lúcháir orthu.

Is mairg don fhear a thógann baile le fuil agus a bhunaíonn cathair le héigeart.

Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.

Ansin reac Balám a laoi agus dúirt: “Éirigh, a Bhálác, agus éist! Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.

Ansin reac sé a laoi agus dúirt: “Thug Bálác leis mé ó Arám, rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir. ‘Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom, agus déan aoir ar Iosrael.’

Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’

Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí