Habacúc 2:5An Bíobla Naofa 1981Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin. Féach an chaibidil |
cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.
“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.