Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: “Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,” ar sé, “mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin!
Nuair a shroich an litir sin iad, thógadar clann mhac an rí agus chuireadar chun báis iad, an deichniúr agus trí fichid go léir, agus chuireadar a gcinn i gciseáin agus sheoladar chuige in Izréil iad.
‘Seo mo mhionn: Chonaic mé fuil Nábót agus fuil a chlann mhac inné - sé an Tiarna atá ag caint - déanfaidh mé é a chúiteamh leatsa sa ghort céanna.’ Tóg suas é mar sin agus caith isteach i ngort Nábót é de réir bhriathar an Tiarna.”
Is mar seo a deir an Tiarna “Scríobhaigí an fear seo faoin teideal: gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta, óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht suí i ríchathaoir Dháiví, ná rialú arís in Iúdá.”
“Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d'iarr siad fabhar air go mb'aithreach leis an t‑olc a bhí fógraithe aige ina n‑aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n‑anamacha?”
Smachtóidh mise é féin agus a oidhrí agus a sheirbhísigh i ndíol a n‑éigeart; orthusan, ar chathróirí Iarúsailéim agus ar mhuintir Iúdá, tabharfaidh mé na hoilc uile a d'fhógair mé ina n‑aghaidh, bíodh agus nár éist siad.’ ”
Agus anois, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Cad chuige a dtabharfadh sibh an t‑anró céanna oraibh féin? An mian libh an uile dhuine idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin a ghearradh amach as lár Iúdá, ionas nach bhfágfar fuíoll beo agaibh,
Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”
Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d'fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir.
óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n‑anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.”