Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Habacúc 1:4

An Bíobla Naofa 1981

Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlí agus nach bhfeictear an chóir á déanamh choíche. Óir faigheann an drochdhuine an ceann is fearr ar an bhfíréan agus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht.

Féach an chaibidil Cóip

46 Tagairtí Cros  

Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.

Cén fáth gur buan iad na coirpigh Agus go méadaíonn a maoin le himeacht na mblianta?

Ón uair a scriostar na fothaí cad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh.

Is mithid duit gníomhú, a Thiarna, óir sáraíodh do dhlí.

Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha; bí i m'aice, óir níl aon chabhair eile agam.

Shearg mo scornach mar shlige cré-umha, is tá mo theanga ag ceangal de mo charball: leagann tú i luaithreach an bháis mé.

Fuascail mé ó mo naimhde, a Dhia, cosain mé ar a n‑éiríonn i m'éadan.

Féach! téann siad in oirchill ar m'anam; déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne; gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,

Cá fhad a mhaífidh na héagráifigh, a Thiarna; cá fhad a mhaífidh siad a mbua?

Ná gabh ar thaobh an mhóráirimh i gcúis éagórach agus ná claon leis an slua agus fianaise a thabhairt in aghaidh na córa.

Ná déan éigean ar chearta aon bhochtáin libh ina chaingean.

Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!

Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair, agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh. Mar is feasach sinn ar bpeacaí, agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:

Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?

“Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”

Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d'ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: “Go deimhin cuirfear chun báis thú.

Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.

Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’

Focail ar mhuin focal! mionnaí éithigh! conarthaí! agus is cuma riaradh an chirt acu nó an luifearnach nimhe a bhíonn ag borradh i gclaiseanna na ngort!

Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.

[Is mairg] dóibh siúd a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht a chaitheann an ceart uathu ar lár;

Agus dúirt sé leo: “Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún.

Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,

Fad a bhí siad á chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard á rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat m'anam.”

An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid.

Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí