Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 9:8

An Bíobla Naofa 1981

D'éirigh Sól den talamh, ach nuair a d'oscail sé na súile ní raibh aon léas radhairc aige. Rug siad ar láimh air agus sheol isteach sa chathair é.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.

Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú.

“Ce chruthaigh béal an duine?” arsa an Tiarna leis, “cé dhéanann balbh é nó bodhar nó radharcach nó dall? Nach mise, an Tiarna?

Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.” Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air.

Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc.

Agus de phreib thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é.

Agus bhí sé ar feadh trí lá gan radharc agus gan greim ná bolgam a bhlas.

i nDamaisc dom bhí ceannfort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil;

ná ní dheachaigh mé suas go Iarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n‑aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí