Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 9:34

An Bíobla Naofa 1981

Labhair Peadar leis: “A Aenéas,” ar sé, “tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.” Agus d'éirigh sé láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.

Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.”

Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.

Bhíodh sí á dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: “Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.” Agus d'imigh sé aisti an nóiméad sin.

Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo?

“Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.

Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”

bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.

Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aenéas - pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas.

Agus nuair a chonaic muintir Lioda agus muintir Sharóin é, d'iompaigh siad go léir chun an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí