Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís á gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne.
Nuair a bhí a gcuid fianaise tugtha ag na haspail agus scéal an Tiarna fógartha acu, ghluais siad leo ar ais go Iarúsailéim agus d'fhógair an dea-scéal i mórchuid de bhailte na Samárach.
Ach d'fhreagair Anainias: “A Thiarna, chuala mé iomrá ar an bhfear seo óna lán daoine agus ar a bhfuil d'olc déanta aige ar an bpobal naofa in Iarúsailéim,
Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach.
Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.