Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 9:3

An Bíobla Naofa 1981

Bhí sé ar an mbóthar ann agus é ag druidim le Damaisc nuair a las solas ón spéir ina thimpeall de phreib.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha;

ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall.

D'imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé - an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo - chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.”

Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n‑aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc.

Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.

Nach saorfhear mise chomh maith le cách? Nach aspal mé? Nach bhfuil Íosa ár dTiarna feicthe agam? Nach sibhse mo shaothar sa Tiarna?

an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte. Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil. Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen.

Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.

Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí