Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 9:27

An Bíobla Naofa 1981

Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n‑aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch.

D'imigh Barnabas go Tarsas ag lorg Shóil,

Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d'fhill Barnabas agus Sól [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo.

Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”

Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.

Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.

Agus anois, a Thiarna, tabhair do d'aire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána.

Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef - Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”.

D'imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé - an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo - chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.”

Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siadsan iarracht ar é a mharú

Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.

An ormsa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas?

Agus ghabh an chuid eile de na Giúdaigh páirt leis sa chlaidhreacht i dtreo gur baineadh Barnabas féin dá threoir lena gcuid fimínteachta.

Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí