Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad.
Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocoiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad á cheapadh go raibh sé marbh.
Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige.