Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 9:20

An Bíobla Naofa 1981

Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.

As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ”

An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”

Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”

D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”

D'fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d'fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”

D'fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”

Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.

Lean siadsan orthu nó gur tháinig siad go dtí Aintíoch na Pisíde. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu.

go bhfuil Dia tar éis é a chomhlíonadh dúinne, dá sliocht, trí Íosa a thógáil ó mhairbh, de réir mar atá scríofa sa dara salm: ‘Is tusa mo mhac. Inniu féin a ghin mé thú.’

Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.

Ar shroichint Shalamais dóibh, d'fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.

Tharla an rud céanna in Iocoiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.

Lá na sabóide chuamar amach lasmuigh den gheata, cois abhann, áit a mheasamar a mbeadh láthair urnaithe na nGiúdach agus shuíomar fúinn ag caint leis na mná a bhí bailithe le chéile ann.

Ní túisce thit an oíche ná chuir na bráithre Pól agus Síleas chun siúil go Bearóia. Nuair a bhain siad Bearóia amach d'imigh siad leo go dtí sionagóg na nGiúdach.

Dá chionn sin bhíodh sé ag plé sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis an mhuintir dhiaganta, agus ag plé gach lá i gcearnóg an bhaile leo siúd a tharlaíodh a bheith ann.

Mar ba ghnách le Pól bhuail sé isteach chucu agus thug trí shabóid as a chéile ag plé leo,

Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh.

Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh.

Thug Pól trí mhí ag dul isteach sa tsionagóg, ag labhairt go dána leis an bpobal, ag argóint agus ag áiteamh leo mar gheall ar ríocht Dé.

Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”

(Dúirt Pilib leis: “Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.” D'fhreagair sé agus dúirt: “Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.”)

Ach is ag dul i neart a bhí Sól agus chuir sé mearbhall ar Ghiúdaigh Dhamaisce toisc é bheith ag dearbhú gurb é Íosa an Meisias.

ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.

nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith

agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTíaitíora: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí