Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach,
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas.
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus d'imigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: “Tá sé marbh.”
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.
Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.
Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige á ndéanamh.