Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 8:6

An Bíobla Naofa 1981

Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige á ndéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ach bhí lámh Dé ghníomhach in Iúdá, á dtabhairt ar aon chroí le hordú an rí agus a fheidhmeannach a chomhlíonadh, mar a bhí ordaithe ag briathar an Tiarna.

An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé.

Agus Síomón féin chreid sé chomh maith le cách agus tar éis a bhaiste, chloígh sé go dlúth le Pilib agus thagadh alltacht air nuair a d'fheiceadh sé na míorúiltí agus na héachtaí móra a bhí a ndéanamh.

Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost.

Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí