a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.
Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.
Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”
Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal.
Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é; cé atá buartha faoina chríoch? Sea! Teascadh é as tír na mbeo; as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.
Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlí agus nach bhfeictear an chóir á déanamh choíche. Óir faigheann an drochdhuine an ceann is fearr ar an bhfíréan agus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht.
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.