Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 8:30

An Bíobla Naofa 1981

Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis: “An dtuigeann tú a bhfuil agat á léamh?” ar seisean.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Rithfidh mé ar shlí d'aitheanta; nuair a cheansóidh tú mo chroí.

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.

Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

“Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis.

Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo!

“Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -

“Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual - tuigeadh an té a léann - ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;

Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.

Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,

D'éirigh Pilib agus chuir chun bóthair. Agus tharla ag dul an bealach sin coillteán Aetópach, fear a bhí ina ardoifigeach ag Candacae, banríon na nAetópach, agus ina choimeádaí ar a cuid maoine uile. Bhí sé tar éis teacht go hIarúsailéim ag adhradh Dé

Labhair an Spiorad le Pilib: “Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.”

“Conas a thuigfinn,” d'fhreagair an coillteán, “gan duine éigin a mhíneodh dom é?” agus d'iarr ar Philib suí in airde leis.

Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost.

ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó m'intleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga.

Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.

Anseo a éilítear an eagna! An té a bhfuil éirim ann, comhaireadh sé uimhir an bheithígh, óir is uimhir duine é. A 666 a uimhirsean!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí