Nuair a bhí a gcuid fianaise tugtha ag na haspail agus scéal an Tiarna fógartha acu, ghluais siad leo ar ais go Iarúsailéim agus d'fhógair an dea-scéal i mórchuid de bhailte na Samárach.
Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;
Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost.
Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.
Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.