Gníomhartha 8:24An Bíobla Naofa 1981D'fhreagair Síomón é: “Agus déanaigíse guí chun an Tiarna orm freisin ionas nach dtiocfaidh orm aon ní dár luaigh sibh.” Féach an chaibidil |
Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.”