“Tugaigí domsa freisin an chumhacht sin i dtreo, cibé duine a leagfaidh mé mo lámha air, go bhfaighidh sé an Spiorad Naomh.”
Conas a b'fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir á glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.
Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh.
Ach nuair a thug Síomón faoi deara gur trína lámha a leagan ag na haspail ar dhaoine a thugtaí an Spiorad, rinne sé airgead a thairiscint dóibh á rá:
D'fhreagair Peadar dó, áfach: “Don donas leat féin agus le do chuid airgid má mheas tú tabhartas Dé a cheannach ar airgead.
Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn.