Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 7:51

An Bíobla Naofa 1981

“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

Ach ní éistfeadh siad; bhí siad níos stuacaí ná a sinsir a bhí gan creideamh sa Tiarna a nDia.

Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh.

Ach d'éirigh siadsan agus ár sinsir uaibhreach, Agus le barr ceanndáine chuir siad suas do d'aitheanta.

Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.

Deirim le lucht bladhmainn: ‘Scoirigí de bhur mbladhmann’; agus leis na hurchóidigh: ‘Ná maígí bhur neart,

sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompu ina nglúin easumhal ceanndána; glúin gan seasmhacht ina gcroí nach raibh dílis do Dhia ina meanma.

“Is léir dom,” arsa an Tiarna le Maois, “a cheanndáine mar phobal an pobal seo!

Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh - óir is ceanndána an pobal sibh - le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.”

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le clann Iosrael: ‘Is ceanndána an pobal sibh. Dá mbeinn ag dul in éineacht libh fiú nóiméad, scriosfainn sibh. Cuir uait d'ornáidí dá bhrí sin go bhfeice mé conas déileáil leat!’ ”

agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”

Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána; is geall le féithleog iarainn do mhuineál, agus tá clár d'éadain ina phrás.

Ach d'éirigh siad amach ina choinne agus chuir brón ar a spiorad naofa. Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibh agus chuir sé cogadh orthu é féin.

Ní chluinfidís, ní thabharfaidís aird, d'éiríodar chomh ceanndána sin nach n‑éistfidís agus nach ngabhfadh teagasc.

Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.

Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.

Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’

ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n‑uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.

i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,

Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m'aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m'ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.” (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.)

ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé.

An fear a bhí ag déanamh na héagóra ar a chomharsa, bhrúigh sé Maois uaidh á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn?

“An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do réiteoir orainn,’ sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor.

Ach ní ghéillfeadh ár sinsir dó: thug siad droim láimhe dó agus d'iompaigh a gcroí ar an Éigipt athuair,

Bhí éad ag na huasalaithreacha le Iósaef agus dhíol siad san Éigipt é. Ach bhí Dia leis

Is tairbheach é an timpeallghearradh go deimhin má choimeádann tú an dlí, ach más duine thú a bhriseann an dlí is cuma do thimpeallghearradh a bheith ann nó as.

Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte.

Déanaigí dá bhrí sin bhur gcroí a thimpeallghearradh, agus na bígí ceanndána a thuilleadh.

Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.

óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!

Ansin lean an Tiarna air agus dúirt liom: ‘Chonaic mé an pobal seo, agus cad é mar phobal ceanndána iad!

Bí lándeimhin de, más ea, nach de bharr do fhíréantachta atá an fearann fónta seo á thabhairt duit mar shealúchas ag an Tiarna do Dhia, óir is ceanndána an pobal thú.

Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,

Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí